Langue   

Airdí Cuan

Skara Brae
Langue: irlandais


Skara Brae


Dá mbeinn féin in Airdí Cuan
In aice an tsléibhe úd ‘tá i bhfad uaim
B’annamh liom gan dul ar cuairt
Go Gleann na gCuach Dé Domhnaigh.

Curfá:
Agus och, och Éire ‘lig is ó
Éire lonndubh agus ó
Is é mo chroí ‘tá trom is é brónach.

Is iomaí Nollaig ‘bhí mé féin
I mbun abhann Doinne is mé gan chéill
Ag iomáin ar an trá bhán
Is mo chamán bán i mo dhorn liom

Nach tuirseach mise anseo liom féin
Nach n-airím guth coiligh, londubh nó traon,
Gealbhán, smaolach, naoscach féin,
Is chan aithním féin an Domhnach.

Dá mbeadh agam féin ach coit is rámh
Nó go n-iomarfainn ar an tsnámh
Ag dúil as Dia go sroichfinn slán
Is go bhfaighinn bás in Éirinn.



Page principale CCG

indiquer les éventuelles erreurs dans les textes ou dans les commentaires antiwarsongs@gmail.com




hosted by inventati.org