Folsom Prison Blues
Johnny CashIrish transcreation by Gabriel Rosenstock | |
SAN VITÙR BLUES Sun chi su la mia branda e vàrdi pasà i tram, ma pödi minga vardà ul sù da tanti ann… Son dent a San Vitùr e ‘l temp el pasa mai e i discurs che fa la gént pödi dumà ‘scultài…”. | FOLSOM PRISON BLUES Tá an traein ag teannadh linne Ón gcúinne chugainn go mear Ní fhaca mé ga gréine Le …ní tamall gearr Táim sáite in Folsom Prison Is stop an t-am, ochón, Is tá an traein ag gluaiseacht léi Síos go San Antone. Nuair bhíos-sa i mo bháibín, Ar Mama liom “A mhac Bí i do bhuachaill múinte Gan gunna i do ghlac.” Ach do lámhachas fear in Reno Chun breathnú ar a bhás Nuair a chloisimse an fheadaíl Tosnaím ag gol go fras. Bí cinnte go bhfuil boic ag ithe Ina gcarr galánta dóibh Nó ag slogadh siar an chaife Ag caitheamh na dtodóg Ach nach raibh sé tuillte agam! Ní bheidh mé saor go deo Is na daoine ag síorghluaiseacht Iad 'na ndealg sa bheo. Bhuel, dá saorfaí mé ón bpríosún seo Dá mba liom an t-iarnród Bí cinnte go mbogfainn as an áit seo Ó, gan aon agó I bhfad ó Folsom Prison Is ann a gheobhainnse scíth Agus ligfinnse don fheadaíl An brón a ghlanadh díom. |