Language   

The Ghost Of Tom Joad

Bruce Springsteen
Back to the song page with all the versions


Versione in Lombardo lagheé di Davide Van De Sfroos
THAIBHSE TOM JOAD

Ar na ráillí tá na fir ag siúl
Dul áit éigin is níl dul ar gcúl
Tá na héileacaptair an mullach chugainn aniar
Súp te sa champa faoin droichead á riar.
Scuaine na mbochtán thar an gcoirnéal
Fáilte, tá ord nua i réim
Teaghlaigh san iardheisceart ina gcairt ina luí
Níl áit ná jab acu ná scíth.

Bhuel is beo don bhealach mór san oích’
Ach níl éinne ag cur dallamullóg ar éinne ar ndóigh
Táimse anseo cois na tine im’ shuí
Mé sa tóir ar thaibhse Tom Joad

As a mhála codlata an leabhar urnaí
Lasann Preacher is ólann sé a bhun toitín
Fanacht cé bheidh chun tosaigh, cé bheidh chun deiridh, mo léir
Insan íosbhealach, bosca cairtpháipéir

Go dtí an tír tairngire ticéad aon treo
Tá gunnán i do ghlac is tá do bholg i mbun gleo
Ar philiúr cloch sea ligeann tú do scíth
Agus tú ag snámh san uiscerian.

Is is beo don bhealach mór san oích’
Cá bhfuil a thriall, is eol dúinn a threo
Táimse anseo cois na tine im’ shuí
Mé sa tóir ar thaibhse Tom Joad

Deir Tom, ‘’Mhaim, má tá duine á bhualadh ag póilín
Má tá leanbh nuabheirthe ag lorg bia
Má tá troid ann in aghaidh an phóir agus fuath san aer
Cuardaigh, a Mhaim, agus féach
Má tá duine ag troid ar son a phaiste féin
Nó ag súil le jab áit éigin faoin ngréin
Má tá duine ag streachailt chun a bheith saor
Féach air, a Mhaim, feicfidh tú mé.’

Bhuel is beo don bhealach mór san oích’
Ach níl éinne ag cur dallamullóg ar éinne ar ndóigh
Táimse anseo cois na tine im’ shuí
Mé sa tóir ar thaibhse Tom Joad


{{video https://www.youtube.com/watch?v=sVSsstHj-MM}}


Back to the song page with all the versions

Main Page

Note for non-Italian users: Sorry, though the interface of this website is translated into English, most commentaries and biographies are in Italian and/or in other languages like French, German, Spanish, Russian etc.




hosted by inventati.org