Breathing
Kate BushOriginal | Irish transcreation by Gabriel Rosenstock |
BREATHING Outside Gets inside Through her skin. I've been out before But this time it's much safer in. Last night in the sky, Such a bright light. My radar send me danger But my instincts tell me to keep Breathing, ("Out, in, out, in, out, in...") Breathing it in, Breathing my mother in, Breathing my beloved in, Breathing it in, Breathing her nicotine, Breathing it in, Breathing the fall-out in, Out in, out in, out in, out in. We've lost our chance. We're the first and the last, ooh, After the blast. Chips of Plutonium Are twinkling in every lung. I love my Beloved, ooh, All and everywhere, Only the fools blew it. You and me Knew life itself is Breathing, ("Out, in, out, in, out...") Breathing it in, Breathing my mother in, Breathing my beloved in, Breathing it in, Breathing her nicotine, Breathing it in, Breathing the fall-out in, Out in, out in, out in, out in, Out in, out in, out in, out... ("Out!") "In point of fact it is possible to tell the ("Out!") difference between a small nuclear explosion and a large one by a very simple method. The calling card of a nuclear bomb is the blinding flash that is far more dazzling than any light on earth--brighter even than the sun itself--and it is by the duration of this flash that we are able to determine the size ("What are we going to do without?") of the weapon. After the flash a fireball can be seen to rise, sucking up under it the debris, dust and living things around the area of the explosion, and as this ascends, it soon becomes recognisable as the familiar "mushroom cloud". As a demonstration of the flash duration test let's try and count the number of seconds for the flash emitted by a very small bomb; then a more substantial, medium-sized bomb; and finally, one of our very powerful, "high-yield" bombs "What are we going to do without?" Ooh please! "What are we going to do without?" Let me breathe! "What are we going to do without?" Ooh, Quick! "We are all going to die without!" Breathe in deep! "What are we going to die without?" Leave me something to breathe! "We are all going to die without!" Oh, leave me something to breathe! "What are we going to do without?" Oh, God, please leave us something to breathe!" "We are all going to die without Oh, life is--Breathing. | ANÁLÚ Taobh amuigh istigh Ó, trína cneas Bhíos-sa cheana ’muigh Ach bheith istigh tá sé go deas Thuas sa spéir aréir Ó, solas breá glé Cuireann mo radar baol chugam Ach deir m’instinn liom, Lean leis an Anáil (Am-ach, is-teach, am-ach) Tarraingím mo mháthair isteach (Am-ach, ist-each, am-ach) Tarraingím mo shearc isteach (Am-ach, is-teach, am-ach) Tarraingím nicitín isteach (Am-ach, is-teach, am-ach) An titim san anáil (am-ach,is-teach, am-ach) Am-ach, is-teach, am-ach is-teach, am-ach (Am-ach,is-teach, am-ach Chailleamar deis Tús is deireadh an áil Tar éis an áir, píosaí plútóiniam Ag lonrú i ngach scamhóg Mo ghreidhin go deo mo shearc, ó Gach áit, fud na bhfud, Ach deineadh cac den scéal Bhí fhios againn é, níl sa saol ach Anáil (Am-ach, is-teach, am-ach) Tarraingím mo mháthair isteach (Am-ach, is-teach, am-ach) Tarraingím mo shearc isteach (Am-ach, is-teach, am-ach) Tarraingím nicitín isteach (Am-ach, is-teach, am-ach) An titim san anáil (am-ach, is-teach, am-ach) Am-ach, is-teach, am-ach is-teach, am-ach Am-ach, is-teach, am-ach, am-ach Am-ach, am-ach Go deimhin is féidir an difríocht atá idir maidhm bheag núicléach mar shampla agus ceann an-mhór a chruthú le modh an-simplí ar fad is é sin ná go mbíonn scal ón mbuama núicléach atá i bhfad níos gile ná solas ar bith eile ar domhan is níos gile ná an ghrian agus is é faid na scaile sin a ligeann dúinn méid an airm a thomhas agus is í an cheist anois ná Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?) Tar éis na scaile feictear caor thine ’g éirí is súitear suas an smionagar, dusta is nithe beo thart ar limistéir na pléisce móire ar a bealach suas, aithnítear í gan aon rómhoill sea ambaist an néal muisiriúnach Chun faid na scaile sin a thriail Tugaimis faoi líon na soicindí Sin a chomhaireamh nuair a scaoileann buama an-bheag scal uaidh is ceann níos toirtiúla ansin, meánmhéide is i ndeireadh na dála buama láidir thar na bearta Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?) (Led thoil) Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?) (Cá bhfuil m’anáil) Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?) (Ó, tarraing an anáil) Caillfear sinn go léir ’na éagmais (Ó fág beagán aeir id dhiaidh) Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?) (Ó fág beagán aeir id dhiaidh) Caillfear sinn go léir ’na éagmais A Dhia, fág beagán aeir id dhiaidh Cad a dhéanfaimid ’na éagmais? (Ó, an saol) |