Originale | Versione inglese letterale di J.Mark Sugars (1997)
|
MO GHILE MEAR | MY GALLANT DARLING |
| |
Seal da rabhas im' mhaighdean shéimh, | Once I was a gentle maiden, |
'S anois im' bhaintreach chaite thréith, | But now I am a spent, worn-out widow, |
Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan | My consort strongly plowing the waves |
De bharr na gcnoc is i n-imigcéin. | Over the hills and far away. |
| |
'Sé mo laoch, mo Ghile Mear, | He is my hero, my Gallant Darling, |
'Sé mo Chaesar, Ghile Mear, | He is my Caesar, a Gallant Darling; |
Suan ná séan ní bhfuaireas féin | I've found neither rest nor fortune |
Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear. | Since my Gallant Darling went far away. |
| |
Bímse buan ar buaidhirt gach ló, | Every day I am constantly enduring grief, |
Ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeór | Weeping nitterly and shedding tears, |
Mar scaoileadh uaim an buachaill beó | Because my lively lad has left me |
'S ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón. | And no news is told of him- - - alas! |
| |
Ní labhrann cuach go suairc ar nóin | The cuckoo does not sing cheerfully at noon |
Is níl guth gadhair i gcoillte cnó, | And the sound of hounds is not heard in nut-tree woods |
Ná maidin shamhraidh i gcleanntaibh ceoigh | Nor summer morning in misty glen |
Ó d'imthigh uaim an buachaill beó. | Since my lively boy went away from me. |
| |
Marcach uasal uaibhreach óg, | Noble, proud young horseman, |
Gas gan gruaim is suairce snódh, | Youth without gloom, of pleasant countenance, |
Glac is luaimneach, luath i ngleo | A swift-moving fist, nimble in a fight, |
Ag teascadh an tslua 's ag tuargain treon. | Slaying the enemy and smiting the strong. |
| |
Seinntear stair ar chlairsigh cheoil | Let a strain be played on musical harps, |
's líontair táinte cárt ar bord | And let many quarts be filled on the table, |
Le hinntinn ard gan chaim, gan cheó | With high spirit, without fault, without gloom, |
Chun saoghal is sláinte d' fhagháil dom leómhan. | That my lion may receive long life and health. |
| |
Ghile mear 'sa seal faoi chumha, | Gallant Darling for a while under sorrow, |
's Eire go léir faoi chlócaibh dubha; | And Ireland completely under black cloacks, |
Suan ná séan ní bhfuaireas féin | I have found neither rest nor fortune |
Ó luaidh i gcéin mo Ghile Mear. | Since my Gallant Darling went far away. |