Lingua   

A Hard Rain's A-Gonna Fall

Bob Dylan
Pagina della canzone con tutte le versioni


OriginaleIrish transcreation by Gabriel Rosenstock
A HARD RAIN'S A-GONNA FALLIS DIAN-DEOIR ATÁ I NDÁN
  
Oh, where have you been, my blue-eyed son?Ó cá rabhais uainn, ’mhic na súl glé
Oh, where have you been, my darling young one?Is cá rabhais uainn ó bhánú an lae?
I've stumbled on the side of twelve misty mountains,Do thiteas ar thaobh dosaen sliabh faoin gceo
I've walked and I've crawled on six crooked highways,Mé ag siúl is ag lámhacán ar mhórbhealaí cama
I've stepped in the middle of seven sad forests,Do sheasas i gceartlár na seacht bhforaois uaigneach
I've been out in front of a dozen dead oceans,Mé ansiúd os comhair na n-aigéan gan anam
I've been ten thousand miles in the mouth of a graveyard,Bhíos deich míle slí is mé i mbéal na huaighe
And it's a hard, and it's a hard, it's a hard, and it's a hard,Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
And it's a hard rain's a-gonna fall.Uch is dian-deoir atá i ndán.
  
Oh, what did you see, my blue-eyed son?Ó, cad ba léir duit , ’mhic na súl glé,
Oh, what did you see, my darling young one?Is cad ba léir duit ó bhánú an lae?
I saw a newborn baby with wild wolves all around itChonac leanbh nuabheirthe is faolchúnna ’na thimpeall
I saw a highway of diamonds with nobody on it,Chonac mórbhealach diamant ’s gan éinne ag siúl air
I saw a black branch with blood that kept drippin',Chonac an chraobh dorcha ’is fuil á síordhoirteadh
I saw a room full of men with their hammers a-bleedin',Chonac seomra is fir ann is fuil lena gcasúir
I saw a white ladder all covered with water,Chonac an bándréimire ’bhí clúdaithe faoi uisce,
I saw ten thousand talkers whose tongues were all broken,Chonac deich míle duine is a dteanga bhí briste
I saw guns and sharp swords in the hands of young children,Chonac gunnaí is claimhte i lámha na leanaí
And it's a hard, and it's a hard, it's a hard, it's a hard,Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
And it's a hard rain's a-gonna fall.Uch is dian-deoir atá i ndán.
  
And what did you hear, my blue-eyed son?Is cad a chualaís, ’mhic na súl glé,
And what did you hear, my darling young one?Is cad a chualaís ó bhánú an lae?
I heard the sound of a thunder, it roared out a warnin',Chuala glór ard na toirní, bhí rabhadh sa bhúireach
Heard the roar of a wave that could drown the whole world,Chuala liú ón tonn tuile a bháfadh an chruinne
Heard one hundred drummers whose hands were a-blazin',Chuala céad drumadóir is a dhá lámh trí thine
Heard ten thousand whisperin' and nobody listenin',Chuala deich míle cogar is gan éinne ag éisteacht
Heard one person starve, I heard many people laughin',Chuala duine ’bhí stiúgtha, chuala scata ag gáire
Heard the song of a poet who died in the gutter,Chuala amhrán an fhile a cailleadh sa chlaodach,
Heard the sound of a clown who cried in the alley,Chuala fuaim ón áilteoir is é ag caoineadh sa chaolsráid
And it's a hard, and it's a hard, it's a hard, it's a hard,Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
And it's a hard rain's a-gonna fall.Uch is dian-deoir atá i ndán.
  
Oh, who did you meet, my blue-eyed son?Ó cé casadh ort, ’mhic na súl glé
Who did you meet, my darling young one?Is cé casadh ort ó bhánú an lae?
I met a young child beside a dead pony,Páiste beag óg agus pónaí ’bhí marbh,
I met a white man who walked a black dog,Madra ’bhí dubh is ba gheal é a úinéir
I met a young woman whose body was burning,Bean is a colainn go léir ar bharr lasrach
I met a young girl, she gave me a rainbow,Cailín beag álainn a thug bogha síne dom,
I met one man who was wounded in love,Fear óg dathúil is é leonta ag a chumann
I met another man who was wounded with hatred,Fear eile fós is b’é an fuath a ghoin é
And it's a hard, it's a hard, it's a hard, it's a hard,Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
It's a hard rain's a-gonna fall.Uch is dian-deoir atá i ndán.
  
Oh, what'll you do now, my blue-eyed son?Cad a dhéanfair anois, ’mhic na súl glé
Oh, what'll you do now, my darling young one?Cad a dhéanfair anois ó bhánú an lae?
I'm a-goin' back out 'fore the rain starts a-fallin',Táim chun siúl liom amach sula dtitfidh an bháisteach
I'll walk to the depths of the deepest black forest,Táim chun siúl go dtí croí na bhforaoisí is duibhe
Where the people are many and their hands are all empty,Áit a gcónaíonn na mílte ach is folamh atá siad
Where the pellets of poison are flooding their waters,Áit a snámhann an nimh ar fud a gcuid uiscí
Where the home in the valley meets the damp dirty prison,Is an baile sa ghleann ag iompú ina phríosún
Where the executioner's face is always well hidden,Áit nach bhfeictear go deo ann aghaidh an mharfóra
Where hunger is ugly, where souls are forgotten,An t-ocras urghránna ann, an t-anam dearúdta,
Where black is the color, where none is the number,Dubh is ea dath ann, neamhní sea uimhir
And I'll tell it and think it and speak it and breathe it,Inseoidh mé, smaoineoidh mé, neosfad le m’anáil é
And reflect it from the mountain so all souls can see it,Soilseoidh sé ón sliabh chun go bhfeicfidh an domhan é
Then I'll stand on the ocean until I start sinkin',Agus seasfad sa tuile go dtí go suncálfad
But I'll know my song well before I start singin',Beidh na hamhráin go léir ann sula dtosnód á gcanadh
And it's a hard, it's a hard, it's a hard, it's a hard,Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
It's a hard rain's a-gonna fall.Uch is dian-deoir atá i ndán.


Pagina della canzone con tutte le versioni

Pagina principale CCG


hosted by inventati.org