L'Internationale
Eugène PottierGAELICO IRLANDESE [2] / IRISH GAELIC [2] | |
AN tIDIRNAISIÚNTA Éirígí, a lucht ocrais, as bhur gcodladh! Éirígí, a dhaoraithe na gainne! Mar anois tá an réabhlóid ag tonnadh, Is tá deireadh le ré na cainte! Amach le bhur bpisreoga uile, A sclábhaithe, éirígí! éirígí! Athróm anois na sean-drochídí, ’S téanam i mbaol ar thóir na bua! Anois, a chairde, tagaigí uile, Tá an cogadh deiridh ar siúl! Aontaíonn an tIdirnáisiúnta An cine daonna go léir! Anois, a chairde, tagaigí uile, Tá an cogadh deiridh ar siúl! Aontaíonn an tIdirnáisiúnta An cine daonna go léir! Nil trust ar bith againn i dtaoisigh Na súil le slanaitheoir o neamh 's muid ag braith ar ar lamha féinig Chun saol núa a bhaint amach! Os muid a chruthaíos gach saibhreas, Os muid a throideas gach cath Aontaithe le chiele gan aon aighneas Is againn a bheas an rath. Anois, a chairde, tagaigí uile, Tá an cogadh deiridh ar siúl! Aontaíonn an tIdirnáisiúnta An cine daonna go léir! Anois, a chairde, tagaigí uile, Tá an cogadh deiridh ar siúl! Aontaíonn an tIdirnáisiúnta An cine daonna go léir! | [AN tINTERNATIONAL] Músclaíg, a bhratainn na cruinne, A dhíogha an ocrais, aire daoibh! Tá an tuiscint ina buabhall buile, Ag saighdeadh an duine chun malairt saoil. De sheanré na ngeasróg déanam easair, Ar na laincisí, músclaíg; Sinne nach faic muid gheobhaimid gradam; An seanreacht leagfar bunoscionn. Is í an troid scoir í, a bhráithre, Éirímis chun gnímh; An tInternational Snaidhm comhair an chine dhaonna. Is í an troid scoir í, a bhráithre, Éirímis chun gnímh; An tInternational A bheas mar chine daonna. |