Lingua   

Tá na páipéir dá saighneáil

anonimo




Tá na páipéir dá saighneáil,
Is tá na saighdiúir ag goil anonn,
Tá an drumadóirín aoibhinn aerach,
Clanna Gael ag goil go tír na long,
Dá mbeadh agam is dhuit a bhéarfainn,
Céad is dhá mhíle bó,
Ar chuntar tú bheith i d’fhéirín liom,
Go Condae Mhaigh Eo.

I mo luí dhom ar mo leaba,
Is í m’osna a bhíonn mór,
Is ar m’éirí dhom ar maidin,
Is í mo phaidir mo dheoir,
Tá gruaig mo chinn ag titim,
’Gus ag imeacht mar an gceo,
’S le cumha i do dhiaidh, a stóirínn,
Í bheidh mé i bhfad beo.

Nuair a éirím amach go huaigneach
Sea bhreathnaím ar an gcnoc úd thall,
Bím ag smaoineamh ar do chúilín dualach
A d’fhág an chrua-arraing trí mo lár,
Tá mo chroí istigh ina leac dhe ghual dubh
Is fear mo thruaigh níl ach Rí na nGrást,
Is cibé cailín óg a bhéarfas uaim tú,
Go síntear suas í i gcónra chláir.

Tá mo stocaí uilig stróicthe
Is tá mo phócaí gan pingin,
Tá mo nuachulaith phósta is é,
Mo léan géar, fós gan sníomh,
Tá fiacha i dteach an óil orm
Is níor ól mé ariamh braon,
Ach is é mo léan géar, a mhíle stóirín,
Gan mé is tú óg seal arís.

Is nach aoibhinn do na héiníní
A éiríonn go hard,
Is a bhíonn ag ceiliúradh lena chéile
Ar aon chraoibhín amháin,
Ní mar sin dhom féin
’Gus mo chéad mhíle grá,
Mar is fada fairsing óna chéile
A bhíonn ár n-éirí gach lá.



Pagina principale CCG

Segnalate eventuali errori nei testi o nei commenti a antiwarsongs@gmail.com




hosted by inventati.org