Lingua   

Amhrán na bPrátaí Dubha

Máire Ní Dhroma




Na prátaí dubha do dhein ár gcomharsana a scaipeadh orainn,
Do chuir sa phoorhouse iad is anonn thar farraige;
I Reilig an tSléibhe tá na céadta acu treascartha
Is uaisle na bFflaitheas go ngabhaid a bpáirt,

A Dhia na Glóire fóir agus freagair sinn,
Scaoil ár nglasa agus réidh ár gcás,
Is an bheatha arís ó Do Chroí go gcasair orainn,
Is an poorhouse go leagair anuas ar lár.

Más mar gheall ar ár bpeacaí claona tháinig an chéim seo eadrainn,
Oscail ár gcroí is díbir an ghangaid as;
Lig braon beag de Do fhíorspiorad arís chun ár gcneasaithe,
Is uaisle na bhFlaitheas go ré ár gcás.

Níl aon chuimhne againne oíche nó maidin Ort
Ach ar ainnise an tsaoil ag déanamh marbhna,
Is, a Íosa Críost, go dtógair dínn an scamall so
Go mbeimis dod amharcadh gach am den lá.

Tá na bochta so Éireann ag plé leis an ainnise,
Buairt is anacair is pianta báis,
Leanaí bochta ag béiceadh is ag screadadh gach maidin,
Ocras fada orthu is gan dada le fáil.

Ní hé Dia a cheap riamh an obair seo,
Daoine bochta a chur le fuacht is le fán,
Iad a chur sa phoorhouse go dubhach is glas orthu,
Lánúineacha pósta is iad scartha go bás.

Na leanaí óga thógfaidís suas le macnas
Sciobtaí uathu iad gan trua gan taise dhóibh:
Ar bheagán lóin ach súp na hainnise
Gan máthair le freagairt díbh dá bhfaighidís bás.

A Rí na Trua is a Uain Ghil Bheannaithe,
Féach an ainnise atá dár gcrá
Is ná lig ar strae Uait Féin an t-anam bocht
Is a fheabhas a cheannaigh Tú é féin sa Pháis.

Nach trua móruaisle go bhfuil mórán coda acu
Ag íoc as an obair seo le Rí na nGrás;
Fearaibh bochta an tsaoil seo ná fuair riamh aon saibhreas
Ach ag síorobair dóibh ó aois go bás.

Bíonn siad ar siúl ar maidin, ar an dóigh sin dóibh,
Is as sin go tráthnóna ag cur cuiríní allais díobh,
Níl aon mhaith ina ndícheall mura mbíd cuíosach, seasmhach,
Ach téigi abhaile is beidh bhúr dtithe ar lár.



Pagina principale CCG

Segnalate eventuali errori nei testi o nei commenti a antiwarsongs@gmail.com




hosted by inventati.org