Originale | Irish transcreation by Gabriel Rosenstock |
A HARD RAIN'S A-GONNA FALL | IS DIAN-DEOIR ATÁ I NDÁN |
| |
Oh, where have you been, my blue-eyed son? | Ó cá rabhais uainn, ’mhic na súl glé |
Oh, where have you been, my darling young one? | Is cá rabhais uainn ó bhánú an lae? |
I've stumbled on the side of twelve misty mountains, | Do thiteas ar thaobh dosaen sliabh faoin gceo |
I've walked and I've crawled on six crooked highways, | Mé ag siúl is ag lámhacán ar mhórbhealaí cama |
I've stepped in the middle of seven sad forests, | Do sheasas i gceartlár na seacht bhforaois uaigneach |
I've been out in front of a dozen dead oceans, | Mé ansiúd os comhair na n-aigéan gan anam |
I've been ten thousand miles in the mouth of a graveyard, | Bhíos deich míle slí is mé i mbéal na huaighe |
And it's a hard, and it's a hard, it's a hard, and it's a hard, | Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian |
And it's a hard rain's a-gonna fall. | Uch is dian-deoir atá i ndán. |
| |
Oh, what did you see, my blue-eyed son? | Ó, cad ba léir duit , ’mhic na súl glé, |
Oh, what did you see, my darling young one? | Is cad ba léir duit ó bhánú an lae? |
I saw a newborn baby with wild wolves all around it | Chonac leanbh nuabheirthe is faolchúnna ’na thimpeall |
I saw a highway of diamonds with nobody on it, | Chonac mórbhealach diamant ’s gan éinne ag siúl air |
I saw a black branch with blood that kept drippin', | Chonac an chraobh dorcha ’is fuil á síordhoirteadh |
I saw a room full of men with their hammers a-bleedin', | Chonac seomra is fir ann is fuil lena gcasúir |
I saw a white ladder all covered with water, | Chonac an bándréimire ’bhí clúdaithe faoi uisce, |
I saw ten thousand talkers whose tongues were all broken, | Chonac deich míle duine is a dteanga bhí briste |
I saw guns and sharp swords in the hands of young children, | Chonac gunnaí is claimhte i lámha na leanaí |
And it's a hard, and it's a hard, it's a hard, it's a hard, | Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian |
And it's a hard rain's a-gonna fall. | Uch is dian-deoir atá i ndán. |
| |
And what did you hear, my blue-eyed son? | Is cad a chualaís, ’mhic na súl glé, |
And what did you hear, my darling young one? | Is cad a chualaís ó bhánú an lae? |
I heard the sound of a thunder, it roared out a warnin', | Chuala glór ard na toirní, bhí rabhadh sa bhúireach |
Heard the roar of a wave that could drown the whole world, | Chuala liú ón tonn tuile a bháfadh an chruinne |
Heard one hundred drummers whose hands were a-blazin', | Chuala céad drumadóir is a dhá lámh trí thine |
Heard ten thousand whisperin' and nobody listenin', | Chuala deich míle cogar is gan éinne ag éisteacht |
Heard one person starve, I heard many people laughin', | Chuala duine ’bhí stiúgtha, chuala scata ag gáire |
Heard the song of a poet who died in the gutter, | Chuala amhrán an fhile a cailleadh sa chlaodach, |
Heard the sound of a clown who cried in the alley, | Chuala fuaim ón áilteoir is é ag caoineadh sa chaolsráid |
And it's a hard, and it's a hard, it's a hard, it's a hard, | Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian |
And it's a hard rain's a-gonna fall. | Uch is dian-deoir atá i ndán. |
| |
Oh, who did you meet, my blue-eyed son? | Ó cé casadh ort, ’mhic na súl glé |
Who did you meet, my darling young one? | Is cé casadh ort ó bhánú an lae? |
I met a young child beside a dead pony, | Páiste beag óg agus pónaí ’bhí marbh, |
I met a white man who walked a black dog, | Madra ’bhí dubh is ba gheal é a úinéir |
I met a young woman whose body was burning, | Bean is a colainn go léir ar bharr lasrach |
I met a young girl, she gave me a rainbow, | Cailín beag álainn a thug bogha síne dom, |
I met one man who was wounded in love, | Fear óg dathúil is é leonta ag a chumann |
I met another man who was wounded with hatred, | Fear eile fós is b’é an fuath a ghoin é |
And it's a hard, it's a hard, it's a hard, it's a hard, | Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian |
It's a hard rain's a-gonna fall. | Uch is dian-deoir atá i ndán. |
| |
Oh, what'll you do now, my blue-eyed son? | Cad a dhéanfair anois, ’mhic na súl glé |
Oh, what'll you do now, my darling young one? | Cad a dhéanfair anois ó bhánú an lae? |
I'm a-goin' back out 'fore the rain starts a-fallin', | Táim chun siúl liom amach sula dtitfidh an bháisteach |
I'll walk to the depths of the deepest black forest, | Táim chun siúl go dtí croí na bhforaoisí is duibhe |
Where the people are many and their hands are all empty, | Áit a gcónaíonn na mílte ach is folamh atá siad |
Where the pellets of poison are flooding their waters, | Áit a snámhann an nimh ar fud a gcuid uiscí |
Where the home in the valley meets the damp dirty prison, | Is an baile sa ghleann ag iompú ina phríosún |
Where the executioner's face is always well hidden, | Áit nach bhfeictear go deo ann aghaidh an mharfóra |
Where hunger is ugly, where souls are forgotten, | An t-ocras urghránna ann, an t-anam dearúdta, |
Where black is the color, where none is the number, | Dubh is ea dath ann, neamhní sea uimhir |
And I'll tell it and think it and speak it and breathe it, | Inseoidh mé, smaoineoidh mé, neosfad le m’anáil é |
And reflect it from the mountain so all souls can see it, | Soilseoidh sé ón sliabh chun go bhfeicfidh an domhan é |
Then I'll stand on the ocean until I start sinkin', | Agus seasfad sa tuile go dtí go suncálfad |
But I'll know my song well before I start singin', | Beidh na hamhráin go léir ann sula dtosnód á gcanadh |
And it's a hard, it's a hard, it's a hard, it's a hard, | Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian |
It's a hard rain's a-gonna fall. | Uch is dian-deoir atá i ndán. |